Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Caitheamh aimsire: Ag dul chuig damhsaí. Ní raibh iompar ar bith acu, chaitheadh siad siúil nó rothaíocht. Ag dul go Dún Lúiche, Mullach Dubh, Anagaire. Na bannaí ceoil a bhíodh ag na damhsaí. Bhíodh daoine na háite ag buaileadh ceoil sna hallaí go minic san am sin. | 00:03:20 | |
Caitheamh aimsire nuair a bhí sí óg. Théadh siad isteach ag céilithe lucht na Gaeilge. Bhíodh cumhaidh orthu nuair a d’imíodh siad arís. Damhsaí ag ceann an bhealaigh le daoine as Gaoth Dobhair, Croithlí agus Anagaire, ag damhsa ar an bhealach mhór. Bhain siad taitneamh iontach as an tsaol. Ní raibh mar atá anois le ólachán agus mar sin de. Ní raibh mná ag dul isteach sna tithe leanna, athrach mór ar an am, measann sí gur le teacht na teilifíse a d’athraigh rudaí. | 00:02:28 | |
Ní raibh ólachán nó drugaí ná a leithéid ar fáil san am sin. Ní raibh cead ag mná dul isteach sna tithe leanna. D’fhágadh siad an teach ar 9 a chlog, thosaíodh an damhsa sa halla thart ar 10. Banna a bhíodh ag buaileadh. Na damhsaí a bhíodh acu, ‘ladies choice’. Nuair a stad na hallaí, ní raibh an greann céanna acu. Bhíodh troid ann achan oíche. Tháinig athrach ansin le tithe tabhairne. Ní raibh hallaí ann níos mó. Síleann Sarah go ndearna an t-ólachan dochas don áit. | 00:03:11 | |